Written answers
Wednesday, 29 June 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Interdepartmental Meetings
10:00 pm
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 59: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh cainteanna aige leis an Roinn Oideachas agus Eolaíochta, mar gheall ar an meánscolaíocht sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22575/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, is í an tAire Oideachais agus Eolaíochta atá freagrach as cúrsaí oideachais, ar a n-áirítear cúrsaí meánscolaíochta sa Ghaeltacht. I gcomhthéacs na freagrachta atá ormsa agus ar mo Roinnse i ndáil leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, bíonn cruinnithe rialta againn leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus le hoifigigh a Roinne chun saincheisteanna ábhartha a phlé, ina measc meanscolaíocht sa Ghaeltacht. Leanfar leis na cruinnithe sin de réir mar is gá.
No comments