Written answers

Thursday, 26 May 2005

Department of Education and Science

Áiseanna Scoile

4:00 pm

Tony Gregory (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context

Question 140: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth gur dhiúltaigh an Roinn Oideachais seomra i gcomhair múinteora acmhainne a chur ar fáil do Ghaelscoil (sonraí tugtha) agus, ós rud é go mbeidh beirt mhúinteoir acmhainne sa scoil ó Mheán Fómhair 2005, go bhfuil seomra agus trealamh ag teastáil go géar anois agus freisin nach bhfuil aon seomra ríomhaire, taisce nó leabharlann ag an scoil, an bhféadfadh sí cabhrú leis an scoil. [17667/05]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Breithníodh gach iarratas ar chóiríocht shealadach don chéad scoilbhliain eile i Rannóg Pleanála Scoile mo Roinne. Níor éirigh leis an iarratas ar sheomra acmhainní don scoil atá i gceist an uair seo. Cuireadh údarás na scoile ar an eolas dá réir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.