Written answers
Thursday, 19 May 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Scéim Díláraithe
5:00 pm
Mary Upton (Dublin South Central, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 56: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil an plean chun Foras na Gaeilge a dhílárú "báite go ciúin"; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16642/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar atá luaite agam cheana féin sa Teach seo, tá an cheist seo faoi réir aontú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Tá na saincheisteanna ábharthacha gur gá mionscrúdú a dhéanamh orthu sula gcuirfear an cheist faoi bhráid na Comhairle á scrúdú ar bhonn leanúnach. Tuigim go bhfuil i gceist go mbeidh cruinniú eile go luath idir mo Roinn féin, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus Foras na Gaeilge chun na críche sin.
No comments