Written answers

Thursday, 19 May 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Feachtas Earcaíochta Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Joe CostelloJoe Costello (Dublin Central, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 54: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na moltaí, más ann dóibh, atá aige chun Gaeilgeoirí dúchais atá ar deoraíón nGaeltacht a mhealladh ar ais chun cónaithe sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16640/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá réimse leathan gníomhaíochtaíá gcur chun cinn ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a ghiniúint agus an bonneagar sóisialta agus teanga a fhorbairt sa Ghaeltacht. Áirítear ar cheann de na cuspóirí atá ag an gclár forbartha sin daoine de bhunadh na Gaeltachta a mhealladh ar ais go dtí an Ghaeltacht. Tá feachtas earcaíochta speisialta ar a dtugtar "PostBaile" ag an údarás chun na críche seo agus tá eolas faoi ar fáil ar shuíomh Idirlín an údaráis, www.udaras.ie.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.