Written answers

Thursday, 19 May 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Scéim Labhairt na Gaeilge

5:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 29: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an laghdú atá tagtha ar líon na dteaghlach sna Forbacha atá tar éis an deontas iomlán a fháil faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16637/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl torthaí na scoilbhliana 2004/05 don cheantar sin ar fáil go fóill ach cuirfidh mo Roinn an t-eolas cuí ar aghaidh chuig an Teachta chomh luath agus a bhíonn sé ar fáil.

San idirlinn, leagtar amach sa Tábla leis seo líon na dteaghlach i gceantar na bhForbacha a rinne iarratas faoin scéim agus an toradh a bhí ar na hiarratais sin le cúig bliana anuas. Cé nach bhfuil mórán athrú ar an líon a thuill an deontas iomlán i gcoitinne, bhí ardú beag le tabhairt faoi deara anuraidh. Ní miste a lua freisin go bhfuil líon na dteaghlach a rinne iarratas faoin scéim ardaithe ó 36 i 1999/2000 go 52 i 2003/2004.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.