Written answers
Thursday, 19 May 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Scéim Labhairt na Gaeilge
5:00 pm
Joan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 18: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén míniú atá aige ar an titim atá tagtha ar líon na dteaghlach a fuair deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16639/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Níl torthaí na scoilbhliana 2004/05 sin ar fáil go fóill ach cuirfidh mo Roinn an t-eolas cuí ar aghaidh chuig an Teachta chomh luath agus a bhíonn sé ar fáil.
San idirlinn, leagtar amach sa Tábla leis seo líon na dteaghlach a thuill an deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i ngach contae do na scoilbhlianta 2001/02, 2002/03 agus 2003/04. Is amhlaidh go bhfuil méadú beag ar líon na dteaghlach a thuill an deontas iomlán don scoilbhliain 2003/04.
Tábla: Líon teaghlaigh a thuill an deontas iomlán de réir scoilbhliana | |||
Contae | Sc. bhliain 01/02 | Sc. bhliain 02/03 | Sc. bhliain 03/04 |
Contae Dhún na nGall | 737 | 722 | 727 |
Contae Mhaigh Eo | 83 | 68 | 74 |
Contae na Gaillimhe | 1,092 | 1,154 | 1,168 |
Contae Chiarraí | 219 | 216 | 196 |
Contae Chorcaí | 32 | 33 | 37 |
Contae Phort Láirge | 18 | 19 | 20 |
Contae na Mí | 20 | 21 | 20 |
Iomlán | 2,201 | 2,233 | 2,242 |
No comments