Written answers

Thursday, 19 May 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Coláistí Samhraidh

5:00 pm

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 16: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén slat tomhais atá aige maidir le maoiniú coláistí samhraidh sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht. [16533/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigfidh an Teachta gurb í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a thugann aitheantas do Choláistí Gaeilge Samhraidh agus a íocann deontas caipitíochta leo.

Ó thaobh mo Roinne féin de, cuirtear cúnamh ar fáil do theaghlaigh cáilithe sa Ghaeltacht a chuireann lóistín ar fáil do na foghlaimeoirí Gaeilge a bhíonn ag freastal ar na Coláistí. Tá an cúnamh sin méadaithe i mbliana ó€8 go €9 in aghaidh an lae. Fanann roinnt beag foghlaimeoirí freisin i mbrúanna/coláistí cónaithe seanbhunaithe lasmuigh den Ghaeltacht agus íoctar an cúnamh céanna sa trí chás atá i gceist — Gleann Maghair, Baile an Bhuinneánaigh agus Carraig a' Chobhaltaigh.

Chomh maith leis sin, cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil i gcásanna áirithe ar mhaithe le cóiríocht do na cúrsaí.

Ní miste a rá nach gcuirtear aon chúnamh ar fáil ó mo Roinnse muna mbíonn an Choláiste aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta sa chéad áit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.