Written answers
Wednesday, 27 April 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Scéimeanna Bóithre
9:00 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 220: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le hiarratas faoi scéim na mbóithre áise (sonraí tugtha), an bhfuil an t-iarratas scrúdaithe ag an Roinn; cé mhéid airgid atá i gceist chun feabhas a chur ar an mbóthar seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13521/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Faoi mar a chuir mé in iúl don Teachta mar fhreagra ar Cheist Uimh. 353 den 17 Samhain 2004, scrúdaigh oifigeach ó mo Roinnse an t-iarratas seo ar 4 Samhain 2004.
Bheadh ord tosaíochta íseal ag an gcás seo faoi chritéir scéim bhóithre áise mo Roinne-se. I gcomhthéacs an airgid theoranta a bhíonn ar fáil faoin scéim seo agus an t-ord tosaíochta íseal atá ag an mbóthar féin, níl i gceist deontas a cheadú ina leith faoi chlár oibre 2005.
Ní iarrtar meastacháin chostais ón údarás áitúil ach i gcás na n-iarratas a bhíonn mar chuid den chlár oibre reatha agus, dá bharr sin, níl meastachán faighte i leith an cháis atá faoi chaibidil ag an Teachta.
No comments