Written answers
Thursday, 14 April 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Coláistí Samhraidh
5:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 52: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh cainteanna aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar conas is féidir líon na bpáistí a fhreastalaíonn ar na Coláistí samhraidh a mhéadú go mór; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11376/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Bíonn mo Roinnse i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go minic faoi na Coláistí Gaeilge Samhraidh sa Ghaeltacht agus tá mé cinnte go leanfar leis an gcomhoibriú sin amach anseo. Mar Aire a bhfuil cúram air i leith na Gaeltachta, déanfaidh mé an méid is féidir liom chun cabhrú leis na Coláistí a bheith níos éifeachtaí. Mar shampla, cheana féin i mbliana: tá an deontas a íocann mo Roinn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge méadaithe ó €8 go €9 in aghaidh an lae, rud a chabhróidh chun an praghas a thiteann ar thuismitheoirí a choimeád chomh híseal agus is féidir; don chéad uair riamh, íocfaidh mo Roinn an deontas iomlán faoin Scéim do thréimhse an chúrsa i gcás foghlaimeoirí Gaeilge a chuirtear abhaile go luath; agus d'éirigh liom, le cúnamh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, saorchead isteach chuig Láithreacha Oidhreachta sa Ghaeltacht féin, nó imeallach léi, a fháil d'fhoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh ag freastal ar Choláistí Gaeilge.
Is dóigh liom gur léir ó na figiúirí (breis agus 23,000 foghlaimeoir in aghaidh na bliana le blianta beaga anuas) go bhfuil na Coláistí Gaeilge Samhraidh sa Ghaeltacht an-tarraingteach do thuismitheoirí agus foghlaimeoirí araon. Tá mé cinnte go gcabhróidh na céimeanna atá glactha agam le déanaí chun deimhin a dhéanamh de go leanfaidh an scéal amhlaidh amach anseo.
No comments