Written answers

Thursday, 14 April 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla

5:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 48: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé gur beag an tairbhe do chaomhnú agus forbairt na Gaeilge iachall a bheith ar Ranna Stáit agus ar Chomhlachtaí Stáit cáipéisí agus tuarascálacha gur beag duine a léann an leagan Béarla a aistriú go Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11387/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I dtosach báire, ba mhaith liom a mhíniú don Teachta gurb é ant-aon dualgas reachtúil atá ar chomhlachtaí poiblí faoi láthair maidir le haistriú cáipéisí go Gaeilge ná an dualgas a thiteann orthu faoi Alt 10 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Faoi Alt 10, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí cionroinnt an-teoranta d'eochair cáipéisí a aistriú, mar shampla, tuarascálacha bliantúla agus cáipéisí a leagann amach tograí beartais poiblí ar nós páipéir uaine nó bán. Is eochair cáipéisí iad seo ina bhfuil comhlachtaí poiblí freagrach don gnáth-phobal, dá gcustaiméirí, agus dúinne mar bhaill den Oireachtas maidir le comhlíonadh a ndualgas phoiblí.

Tá dhá theanga oifigiúil sa tír seo agus feictear domsa — go deimhin, bhí gach éinne sa Teach seo ar aon intinn faoi seo nuair a bhí an tAcht seo á phlé againn mar Bhille — go bhfuil an ceart ag an saoránach cáipéisí don chineál seo a bheith ar fáil sa dá theanga oifigiúil.

Anuas ar sin, ba mhaith liom a rá, mar atá a fhios ag an Teachta go rí-mhaith, go bhfuil méadú ar na meáin Gaeilge le blianta beaga anuas, gan trácht ar mic léinn, srl., a bhaineann agus a bhainfidh úsáid rialta as na cáipéisí seo. Ní fíor a rá agus ní glacaim leis gur beag an tairbhe don Ghaeilge agus do lucht labhartha agus úsáide na teanga cáipéisí dá leithead a bheith ar fáil i nGaeilge. Is a mhalairt ar fad de thuairim a bheadh agam mar go dtugann siad deis don teanga téarmaíocht nua a chruthú agus cruthaíonn sé freisin gur féidir leis an teanga maireachtáil mar theanga beo san saol teicneolaíochta, cumarsáide seo.

Mar fhocal scoir, ní miste dom a chur i gcuimhne don Teachta go bhfuil stádas mar theanga oifigiúil agus oibre san AE á lorg don Ghaeilge ag an Rialtas — agus ag an bhfreasúra féin — faoi láthair, rud a chiallóidh go mbeidh níos mo cáipéisí ná riamh á n-aistriú go Gaeilge ag leibhéal na hEorpa.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.