Written answers
Thursday, 14 April 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Údarás na Gaeltachta
5:00 pm
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 41: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé liom gur cheart na giorruithe i mbuiséad Údarás na Gaeltachta a chealú chun níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na ceantair Ghaeltachta. [11426/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá soláthar iomlán de €34.33 million curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta don bhliain 2005. Is méadú 3.4% é seo ar an tsuim a cuireadh ar fáil i 2004. Ag cur san áireamh an fáltas a gheofar ó fhoinsí eile, mar shampla, ioncam ó fhoirgnimh ar cíos agus ó sheirbhísí, maraon le teacht isteach ó dhíol sócmhainní, aisíoc deontas agus fáltais eile, tá mé sásta go mbeidh sé ar chumas an Údaráis a chuid spriocanna forbartha i leith na Gaeltachta a bhaint amach.
Meabhraím don Teachta freisin go bhfuil soláthar de €23.6 million vótáilte do mo Roinnse i 2005 le caitheamh ar scéimeanna tacaíochta éagsúla sa Ghaeltacht, ina measc scéimeanna tithíochta, feabhsúcháin, cultúrtha agus sóisialta, gan trácht ar €15.8 million atá ar fáil do na hoileáin, a bhfuil an mhórchuid dá ndaonra sa Ghaeltacht.
No comments