Written answers

Wednesday, 13 April 2005

Department of Education and Science

Foireann Scoile

9:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 260: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta ag éirí as Ceist Pharlaiminte 347 an 28 Deireadh Fómhair, cén fáth go mbíonn oidí feabhais Béarla ar fáil i ngnáthscoileanna agus nach mbíonn oidí feabhais Gaeilge ar fáil i nGaelscoileanna; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [11469/05]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Sa chás go bhfuil scoil ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla, ba chóir do na hoidí an tacaíocht foghlama a chur ar fáil thrí Bhéarla sa scoil san. Sa chás go bhfuil scoil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, ba chóir tacaíocht foghlama a chur ar fáil trí Ghaeilge de réir mar is cuí.

Ba chóir go mbeadh ar chumas gach múinteoir náisiúnta lán-cháilithe, múinteoirí feabhais ina measc, teagasc trí mheán na Gaeilge. Fairissin, tá sé de chúram ar bhoird bainistíochta ghaelscoileanna múinteoirí a fhostú a bhfuil an cumas sin acu. Sa chóimhthéacs sin, níl aon idir-dhealú indéanta idir múinteoir feabhais agus múinteoir ranga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.