Written answers
Wednesday, 13 April 2005
Department of Education and Science
Irish Language
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 257: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé i gceist aici an coibhneas céanna ceapachán múinteoirí atá ag Gaelscoileanna a thabhairt do Scoileanna Gaeltachta ós rud é go bhfuil an coibhneas céanna coinneála acu le cúpla bliain anuas agus anndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11390/05]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cuirfear ceist na scoileanna gaeltachta san áireamh nuair a bheidh na rialacháin maidir le ceapacháin múinteoirí i leith na scoilbhliana 2005-06 á aithbhreithniú.
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 258: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a dhéanfaidh sí cinneadh i dtaobh an Ionaid Oideachais Gaeilge atá molta do Choláiste Íosagáin, Baile Mhúirne, agus cén fath atá leis an moill mhór, ós rud é gur casadh an fód don fhoirgneamh nua i 2000 agus go bhfuil cead pleanála faighte dó agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11391/05]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá machnamh á dhéanamh agam faoi láthair ar na roghanna éagsúla a bhaineann le tionscadal an Ionaid. Ba é an plean a bhí ann i dtús báire ná an tionscadal seo a lonnú ar láithreán úrnua. Bhí an tionscadal le cur chun tairsceana agus chun tógála sa bhliain 2004. Ach tháinig ceisteanna aníos maidir leis an láithreán ab fhearr don Ionad agus táthar sin á scrúdú faoi láthair. Nuair a dhéanfar cinneadh faoin méid sin, rachfar ar aghaidh leis an tionscadal tógála a mbeidh gá leis i gcomhthéacs chlár tógála agus athnuachana um fhoirgnimh scoile 2005-09.
No comments