Written answers
Wednesday, 23 March 2005
Department of Environment, Heritage and Local Government
Ionad Oidhreachta
9:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 271: To ask the Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an bhfuil aon phleananna ann chun ionad oidhreachta a chur ar fáil do dhúiche Thailteann i gContae na Mí; ar eisigh Oifig na nOibreacha Poiblí, nó an bhfuil sé i gceist aici, bileoga eolais a éisiúnt go háitiúl faoi stair cheantar Thailteann in aice le Baile Ghib, Contae na Mí. [9613/05]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 272: To ask the Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an eol dó go mbíonn turasóirí ag teacht ar cuairt chuig ceantar Thailteann in aice le Baile Ghib, Contae na Mí, agus go mbíonn díomá orthu toisc an suíomh tábhachtach staire agus seandálaíochta seo a bheith ar thalamh príobáideach agus é deacair teacht air; an bhfuil dá réir aon phlean ag Oifig na nOibreacha Poiblí an talamh sin a cheannach, nó cosán cuí a thógaint isteach chuige. [9614/05]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 273: To ask the Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil cad iad na deontais Eorpacha nó náisiúnta ar féidir le muintir cheantar Thailteann in aice le Baile Ghib, Contae na Mí cur isteach orthu chun togra ar nós chur chun cinn stair agus bhéaloideas an cheantair a dhéanamh. [9615/05]
Dick Roche (Wicklow, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá séí gceist agam Ceisteanna Uimh. 271 go 273 a thógáil le chéile.
Níl aon phlean ag mo Roinn talamh a cheannach no ionad oidhreachta a thógáil i gceantar Tailteann i gContae na Mí nó bileoga eolais a fhoilsiú. Seachas an Fordal Náisiúnta Oidhreachta Ailtireachta agus an Suirbhéireactha Seandálaíochta na hÉireann i gcomhar gContae, atá faoi shiúl i mo Roinnse agus a foilsítear ó am go h-am, níl aon chabhair díreach ar fáil faoi bhráid mo Roinnse chun stair agus béaloideas aitiúil a chur chun chinn. Tá na foilseacháin thuasluaite i gcomhar Chontae na Mí ar fáil ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais.
Tá deontaisí le fáil ón gComhairle Oidhreachta d'fhoilseacháin oidhreachta áitiúil agus is féidir tuilleadh eolais faoi na deontaisí sin a fháil ón gComhairle.
No comments