Written answers
Wednesday, 9 March 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Glór na nGael
9:00 pm
John Cregan (Limerick West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 225: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an féidir leis a dheimhniú go mbeidh an córas timireachta céanna i bhfeidhm nuair a bheidh an t-athscrúdú maidir le Glór na nGael críochnaithe. [8093/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is é Foras na Gaeilge atá ag cur maoiniú ar fáil do Glór na nGael Teoranta agus tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gur cheist don bhforas féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas agus nithe gaolmhara eile, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina bhfeidhmíonn sé agus na pleananna oibre agus corparáide atá aige.
Tuigtear ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil struchtúr nua foirne á mheas ag coiste stiúrtha Ghlór na nGael faoi láthair agus go bhfuil plé fós ar siúl idir an dá eagraíocht faoin gceist seo.
No comments