Written answers

Wednesday, 23 February 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Fostaíocht Gaeltachta

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 207: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an bhail atá ar thionscal (sonraí tugtha), cad iad na hiarrachtaí atá ar siúl an mhonarcha a athoscailt, an bhfuil téarmaí iomarcaíochta socraithe agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6175/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dírím aird an Teachta ar na freagraí a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 190, 121 agus 332 ar 5 Deireadh Fómhair, 9 agus 23 Samhain 2004 faoi seach.

Tuigim óÚdarás na Gaeltachta nach bhfuil mórán athraithe tagtha ar chúinsí an tionscail ó shin. Ó thaobh na n-oibrithe de, tuigim go bhfuil thart ar aon trian a bhí leagtha as a gcuid oibre go sealadach tar éis a gcearta iomarcaíochta reachtúla a éileamh ón gcomhlacht. Tuigtear go bhfuil na híocaíochtaí iomarcaíochta sin déanta le dáréag agus go bhfuil iarratas amháin á phróiseáil i láthair na huaire.

Tá 15 ag obair go lán-aimseartha sa chomhlacht san am i láthair agus tá dóchas fós ag an mbainistíocht gur féidir gnó a aimsiú a chuirfidh ar a cumas na daoine eile atá fós mar fhostaithe de chuid an chomhlachta a athfhostú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.