Written answers

Tuesday, 22 February 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

8:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 22: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon socrú déanta aige bualadh le Bord Údaras na Gaeltachta chun na giorruithe airgid ata á gcur i bhfeidhm a phlé, agus an bhfuil sé féin sásta go mbeidh sé ar chumas an údaráis a dhualgais a chomhlíonadh de bharr a easpa acmhainní faoi mar atá faoi láthair. [5789/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé i gceist agam bualadh le Bord Údarás na Gaeltachta ar 4 Márta 2005. Glacaim leis go ndéanfar plé, i measc rudaí eile, faoin soláthar airgid a bheidh ar fáil don údarás sa bhliain reatha agus faoi thosaíochtaí na heagraíochta don tréimhse amach romhainn.

Tá soláthar iomlán de €34.33 million curtha ar fáil sna Meastacháin Ghiorraithe d'Údarás na Gaeltachta don bhliain 2005. Is méadú 3.4% é seo ar an tsuim €33.193 million a cuireadh ar fáil i 2004. Ag cur san áireamh an fháltais a gheofar ó fhoinsí eile, mar shampla, ioncam ó fhoirgnimh ar cíos agus ó sheirbhísí, maraon le teacht isteach ó dhíol sócmhainní, aisíoc deontas agus fáltais eile, tá mé sásta go gcuirfidh an soláthar seo ar chumas an údaráis leanúint ar aghaidh leis an obair fhiúntach a dhéanann sé i réimsí tábhachtacha ar mhaithe le buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.