Written answers

Tuesday, 22 February 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Seirbhísí Sláinte

8:00 pm

Photo of Pádraic McCormackPádraic McCormack (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 17: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn ata déanta maidir le ceapadh múinteoirí teiripe cainte Gaeilge, cen áit a mbeidh siad lonnaithe, an mbeidh siad ag freastal ar dhaltaí taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu, agus an bhfuil aon ionchur ag an Roinn Sláinte sna ceapacháin. [5539/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

D'fhógair mé ar 23 Eanáir 2005 go raibh comh-mhaoiniú ar bhonn 50:50 gur fiú€87,000 ceadaithe agam d'Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte le cumasú dó triúr teiripeoirí urlabhra agus teanga le Gaeilge a fhostú chun cur leis na seirbhísí a bhíonn ar fáil sa réimse sin sna ceantair Ghaeltachta.

Is faoin bhfeidhmeannas atá sé, i gcomhar leis an Roinn Sláinte agus Leanaí de réir mar a oireann, na teiripeoirí seo a earcú agus a lonnú péáit a fhágann go mbainfear an luach is fearr is féidir as an mbeartas seo agus tuigtear dom go bhfuil socraithe ina leith idir lámha ag an bhfeidhmeannas cheana féin.

Ní miste a rá gur céim eile í seo atá tógtha le feidhm phraiticiúil a thabhairt don méid atá molta i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus gur ar an mbonn go gcuideoidh an beartas seo lena chinntiú go ndéantar an Ghaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht a ceadaíodh an cúnamh sa chás seo. Is ar an tuiscint go nglacfaidh an feidhmeannas freagracht as maoiniú iomlán an bheartais seo tar éis bliana a ceadaíodh an maoiniú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.