Written answers

Thursday, 17 February 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Foras na Gaeilge

5:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 114: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na cainteanna a bhí aige le Foras na Gaeilge mar gheall ar an gcinneadh gan deontas a thabhairt do Phort Láirge le Gaelainn i mbliana (sonraí curtha ar fáil). [5419/05]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 115: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil a fhios aige nach bhfuil deontas á fháil ag eagraíocht Ghaeilge ar bith i nDáilcheantar Phort Láirge ó Fhoras na Gaeilge i mbliana (sonraí curtha ar fáil). [5420/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 114 agus 115 le chéile.

Tuigfidh an Teachta gur cheist d'Fhoras na Gaeilge féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina bhfeidhmíonn sé agus na pleananna gnó agus corparáide atá aige.

Mar eolas don Teachta, áfach, tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge gur cuireadh in iúl go follasach anuraidh go mbeadh deireadh ag teacht ar 31 Nollaig 2004 leis na sean-scéimeanna pobail a bhíá maoiniú ag an bhforas. Ag an am céanna, cuireadh in iúl go mbeadh comórtas oscailte á reachtáil ag an bhforas do scéim phobail Gaeilge 2005-2007 i rith fómhar na bliana 2004 agus go mbeadh na tionscadail rathúla á maoiniú ar feadh trí bliana.

Tuigim ón bhforas gur chuir 44 grúpa iarratas isteach faoin scéim nua agus go ndearnadh measúnú caighdeánach agus cuimsitheach ar na hiarratais ar fad i gcomhthéacs na gcritéar a bhí leagtha amach san fhoirm iarratais. D'éirigh le 20 iarratas as an 44 a cuireadh isteach, ach tuigim nach raibh an tionscadal a luann an Teachta i measc na gcinn ar éirigh leo. Tuigtear dom gurb é an tionscadal sin an t-aon cheann ó Phort Láirge a chur iarratas isteach faoin scéim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.