Written answers

Wednesday, 16 February 2005

Department of Foreign Affairs

Oifig na bPasanna

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 161: To ask the Aire Gnóthaí Eachtracha cén fáth ar diúltaíodh pas as Gaeilge a eisiúint do dhuine (sonraí tugtha) i gContae Dhún na nGall. [5259/05]

Photo of Dermot AhernDermot Ahern (Louth, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Fuair Oifig na bPasanna iarratas ar phas ón duine atá i gceist ar an 7 Nollaig 2004. Scríobh an Oifig ar ais ar an 12 Nollaig de bharr go raibh ant-iarratas neamh-iomlán. D'iarr an t-iarratasóir go n-eiseofaí an pas sa leagan Gaeilge dá hainm, ach níor chuir sí aon fhianaise ar fáil maidir le húsáid an ainm seo, faoi mar is cóir le hiarratas den chineál seo. Tuairiscíodh gur cailleadh an pas a bhí ag an iarratasóir cheana. Eisíodh an pas sin in ainm Béarla an iarratasóra.

I Mír a Dó den fhoirm iarratais, iarrtar ar an iarratasóir an t-ainm atá ar a theastas breithe a chur isteach, agus freisin an t-ainm is mian leis a bheith ar an bpas. Murab ionann an dá leagan seo, ní foláir don iarratasóir gníomhas aonpháirtí a sholáthar, nó fianaise go bhfuil an t-ainm atá i gceist in úsáid ar feadh dhá bhliain ar a laghad, e.g. cáipéis chánach, ráiteas bainc, ceadúnas tiomána, tuarascáil scoile, litir ó fhostóir, etc. Is gá dhá shampla ar a laghad a sholáthar. Is féidir pas a eisiúint freisin, mar shampla, in ainm pósta iarratasóra má chuirtear teastas pósta shibhialta ar fáil.

Chun ionracas an phróisis pasanna a chaomhnú, is soiléir go bhfuil sé tábhachtach go n-eiseofaí pasanna san ainm ar a bhfuil aithne ar dhuine de ghnáth. Sin é an fáth, nuair a iarrann duine pas i bhfoirm seachas an leagan atá ar a theastas breithe, go lorgaítear an fhianaise thuas. Más mian leis an iarratasóir dul ar aghaidh lena hiarratas, ba chóir di iarratas nua a chomhlánú a bheadh deimhnithe ag a stáisiún Garda áitiúil. Más mian léi go n-eiseofar pas di sa leaganGaeilge dá hainm, ba chóir di fianaise úsáide a thaispeáint. Chomh luath is a chuireann sí iarratas úr isteach, agus má bhíonn sé in ord, eiseofar an pas gan mhoill.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 162: To ask the Aire Gnóthaí Eachtracha cad é polasaí na Roinne i leith iarratas ar phasanna as Gaeilge; an fíor go bhfuil polasaí ann iarratais a dhiúltiú do shaoránaigh atá anois ag iarraidh casadh ar an leagan Gaeilge dá n-ainmneacha a úsáid. [5401/05]

Photo of Dermot AhernDermot Ahern (Louth, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Sé polasaí na Roinne pasanna a eisiúint san ainm ar a bhfuil aithne ar an iarratasóir de ghnáth. Déantar é seo, is cuma má lorgaítear an pas in ainm Gaeilge nó in ainm Béarla an duine. Tá seo uile leagtha amach sna nótaí a ghabhann leis an bhfoirm iarratais ar phas, agus freisin ar shuíomh gréasáin Oifig na bPasanna, http:// www.passport.ie.

I Mír a Dó den fhoirm iarratais, iarrtar ar an iarratasóir an t-ainm atá ar a theastas breithe a chur isteach, agus freisin an t-ainm is mian leis a bheith ar an bpas. Murab ionann an dá leagan seo, ní foláir don iarratasóir gníomhas aonpháirtí a sholáthar, nó fianaise go bhfuil an t-ainm atá i gceist in úsáid ar feadh dhá bhliain ar a laghad, e.g. cáipéis chánach, ráiteas bainc, ceadúnas tiomána, tuarascáil scoile, litir ó fhostóir, etc. Is gá dhá shampla ar a laghad a sholáthar. Is féidir pas a eisiúint freisin, mar shampla, in ainm pósta iarratasóra má chuirtear teastas pósta shibhialta ar fáil.

Chun ionracas an phróisis pasanna a chaomhnú, tá sé tábhachtach go n-eiseofaí pasanna san ainm ar a bhfuil aithne ar dhuine de ghnáth, agus go mbeadh cruthú againn ar seo. Dá n-eiseodh an oifig pasanna gan cruthúnas den chineál sin, b'fhéidir go mbeadh céannachtaí iolracha nó baol calaoise ann. Sin é an réasún go gcaithfimid an fhianaise thuas a fháil, cibé acu an leagan Gaeilge nó an leagan Béarla den ainm atá i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.