Written answers
Wednesday, 16 February 2005
Department of An Taoiseach
Seachtain na Gaeilge
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 133: To ask the Taoiseach an mbeidh a Roinn ag comóradh Seachtain na Gaeilge i mbliana agus cad iad na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl sa Roinn i rith na seachtaine. [5199/05]
Bertie Ahern (Dublin Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá an Rialtas, faoi mo stiúir, an-ghníomhach ag cur na Gaeilge chun cinn. Titeann freagracht laethúil cur chun cinn na Gaeilge ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá gach tacaíocht tugtha agam don Roinn sin ina gcuid oibre ar son na Gaeilge. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 achtaithe anois, chomh maith le iarratas déanta ar stádas oifigiúla oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach.
Maidir le mo Roinn féin, roghnaíodh Roinn an Taoisigh mar cheann de na chéad Rannaí Stáit a bhfuil de dhualgas orthu scéim a réiteach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá an plean sin á réiteach faoi láthair na huaire, agus faoin bplean seo déanfar soláthar le freastal a dhéanamh ar an bpobal trí mheán na Gaeilge.
Beidh Seachtain na Gaeilge á chur ar aghaidh taobh istigh den Roinn, agus beidh spreagadh á thabhairt d'fhoireann na Roinne páirt a ghlacadh ann. Tuigtear dom freisin go bhfuil plé ar bun ag an Príomh-Aoire maidir le díospóireacht Gaeilge a bheith sa Dáil le comóradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge.
No comments