Written answers

Wednesday, 16 February 2005

Department of Education and Science

Seachtain na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 263: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an mbeidh a Roinn ag comóradh Seachtain na Gaeilge i mbliana agus cad iad na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl sa Roinn i rith na seachtaine. [5210/05]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá mo Roinnse ar cheann de 25 comhlacht poiblí atá ag dréachtadh a gcéad scéimeanna trí bliana de réir Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Leagfar amach sa scéim an chaoi a sílimid ár gcuid seirbhísí trí Ghaeilge a fheabhsú thar thréimhse trí bliana romhainn amach. Déanfar socruithe mar chuid den scéim chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den Roinn agus cuirfear cúrsa oiliúna ar fáil do státseirbhísigh a thug le fios gur mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim, nó feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Cé go mbeimid ag cur Seachtain na Gaeilge chun cinn trí mheáin éagsúla laistigh den Roinn ní bheidh aon imeachtaí ar leith á reáchtáil againn i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.