Written answers
Wednesday, 16 February 2005
Department of Justice, Equality and Law Reform
Seachtain na Gaeilge
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 214: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an mbeidh a Roinn ag comóradh Seachtain na Gaeilge i mbliana agus cad iad na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl sa Roinn i rith na seachtaine. [5209/05]
Michael McDowell (Dublin South East, Progressive Democrats)
Link to this: Individually | In context
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta nach bhfuil aon imeachtaí ar leith beartaithe chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh i mo Roinnse.
Mar a rinne siad blianta eile, áfach, déanfaidh an Garda Síochána aird a dhíriú ar an tseachtain trí fhaisnéis a chur ar taispeáint ar chlár taispeána agus soláthróidh sé leabhráin eolais faoi Seachtain na Gaeilge a bheidh ar fáil sa limistéar fáiltithe tosaigh i gColáiste na nGardaí. Déanfar Seachtain na Gaeilge a chur chun cinn, freisin, trí imeachtaí praiticiúla laethúla cuí i gColáiste na nGardaí.
No comments