Written answers
Tuesday, 15 February 2005
Department of Education and Science
Teagasc um Oideachas Speisialta
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 506: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an gceadóidh sí uaireanta breise do mhúinteoir acmhainne i scoil (sonraí tugtha) i nDún na nGall. [5088/05]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is é atá i gceist sa chóras nua um dháileadh oidí, atá beartaithe, ná dáileadh ginearálta do gach aon bhunscoil chun déileáil le daltaí ar ard-éileamh SEN, teagasc um oideachas speisialta, sé sin, daltaí ar imeallach mionmhíchumas agus daltaí ar mhionmhíchumas foghlamtha ginearálta mar aon le míchumas foghlamtha ar leith. Tá sé i gceist, freisin, go dtabharfadh an dáileadh tacaíocht dóibh siúd a mbeidh riachtanais tacaíochta teagaisc uathu, sé sin, iad siúd ag feidhmiú ag an deichiú peircintíl, nó laistíos de, maidir le tástáil chaighdeánach léitheoireachta nó matamaitice. Déanfar 350 post sa bhreis d'oidí a sholáthar chun an córas nua a éascú.
D'fhéadfaí leanúint ar aghaidh le iarratais ar leith a éileamh ar dháileadh oidí um acmhainn sonrach maidir le daltaí ar íseal-éileamh SEN. Tá mé eolach go maith faoi na deacrachtaí d'fhéadfadh tarlú maidir leis an eiseamláir atá beartaithe go mór mhór i gcás daltaí i scoileanna beaga agus i scoileanna faoin tuath má chuirtear i bhfeidhm í mar atá i gceist faoi láthair.
Ar an ábhar sin, déanfaidh mé athbhreithniú ar an eiseamláir atá beartaithe chun a dheimhniú go ndéanfaidh sí freagairt uathúil a sholáthar do dhaltaí ar mhionchumas foghlamtha ginearálta gan iarratais anásta ar leith a fheidhmiú. Ag an am gcéanna, déanfaidh mé deimhin de go leanfar leis an leibhéal oiriúnach de sheirbhís i gcás na daltaí sin a bhfuil a leithéid de sheirbhís ar fáil acu faoi láthair. San athbhreithniú atá i gceist agam, déanfar comhairliú le dreamanna leasmhara oideachasúla agus leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta roimh é a chur i gcrích an bhliain seo chugainn.
No comments