Written answers

Thursday, 10 February 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Limistéirí Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 189: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon tairiscint ghearrthéarmach aige aon chuid den Ghaeltacht a thógaint amach as an Ghaeltacht agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [4387/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá conradh do staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht bronnta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Beidh an staidéar dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun: forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú; agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Beidh na roghanna éagsúla tíreolaíochta agus déimeagrafaíocha, a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú, á scrúdú mar chuid den staidéar. Meastar go dtógfaidh an staidéar — a thosaigh i mí Aibreáin 2004 — dhá bhliain go leith le cur i gcrích. Tá súil agam, mar sin, go mbeidh torthaí críochnúla ar fáil thart ar Mheán Fómhair 2006. Ní ghlacfar le aon chinneadh maidir le hathruithe ar na limistéir Ghaeltachta go dtí go mbeidh an staidéar críochnaithe agus deis a bheith ag mo Roinn torthaí an staidéir a scrúdú go cúramach. Bheadh aon mholtaí i ndáil le hathrú ar na limistéir Ghaeltachta le cur faoi bhráid an Rialtais in am tráth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.