Written answers

Wednesday, 2 February 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Irish Language

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 277: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aige chun réimse leathan seirbhísí do Ghaeilgeoirí an oileáin uilig a fhorbairt. [3025/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Glacaim leis gur soláthar sheirbhísí do Ghaeilgeoirí ag comhlachtaí poiblí atá i gceist ag an Teachta. Níl aon fhreagracht ormsa mar Aire maidir le soláthar sheirbhísí dá leithéid taobh amuigh den Stát. Maidir le soláthar sheirbhísí poiblí laistigh den Stát, dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 41 an 14 Nollaig 2004 maidir le cur i bhfeidhm céimiúil fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mar a d'fhógair mé cheana, leathnófar an réimse seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí tríd an Acht a chur i bhfeidhm ar bhonn céimiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.