Written answers
Tuesday, 1 February 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foras na Gaeilge
8:00 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 231: To ask the Aire GnóthaíPobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gcuirfidh sé tuilleadh airgid ar fáil do Fhoras na Gaeilge i leith na sároibre atá déanta ag Coiste Dúiche Mhaigh Eo ó thaobh fhorbairt na Gaeilge de, ó thaobh na gcúrsaí a cuireadh ar bun le tamall anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2794/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigfidh an Teachta gur ceist d'Fhoras na Gaeilge féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina bhfeidhmíonn sé agus na pleananna gnó agus corparáide atá aige.
Mar eolas don Teachta, tuigtear dom go bhfuil Foras na Gaeilge tar éis scéim nua a aontú le Coiste Dúiche Mhaigh Eo don tréimhse 2005 go 2007 agus go bhfuil maoiniú de €144,554 ceadaithe don tréimhse sin.
No comments