Written answers
Wednesday, 26 January 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 607: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an molfaidh sé don Oifig Logainmneacha na liostaí logainmneacha go léir atá aici a chur ar an Idirlíon agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [34619/04]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá ocht n-ordú logainmneacha déanta agam go dtí seo faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Clúdaíonn na horduithe sin ainmneacha na n-aonad riaracháin sna ceantair Ghaeltachta móide ainmneacha na n-aonad riaracháin i sé chontae eile. Tá na horduithe seo go léir ar fáil ar shuíomh Idirlín na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta www.pobail.ie. Tugann na horduithe seo na leaganacha Gaeilge de bhreis is 12,000 logainmneacha. Tá sé i gceist go ndéanfar ceithre ordú logainmneacha eile i mbliana a chlúdóidh ainmneacha na n-aonad riaracháin i dtrí chontae eile, móide ainmneacha na n-aonad daonra nach bhfuil clúdaithe faoi orduithe eile. Cuirfidh na horduithe seo breis is 11,000 logainmneacha Gaeilge eile ar fáil ar an suíomh Idirlín.
Anuas ar sin, tá mo Roinn ag scrúdú modhanna faoi láthair chun an t-eolas seo agus taighde iomlán an Bhrainse Logainmneacha a chur ar fáil ar bhealaí leictreonacha eile.
No comments