Written answers

Tuesday, 23 November 2004

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Cailliúint Phostanna

10:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 332: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair dheireanach a bhuail Údarás na Gaeltachta le bord bainistíochta an chomhlachta Nuvotem atá lonnaithe i gCroithlí, Contae Thír Chonaill; ar pléadh scaoileadh chun bóthair a dhéanamh go sealadach ar oibrithe sa chomhlacht; an raibh an t-údarás ar an eolas ag an am go raibh orduithe do tháirgí Nuvotem á seoladh chuig an chomhlacht i bPoblacht na Seice; agus an bhfuil aon eolas eile ag an údarás a d'féadfadh cuidiú chun an staid fostaíochta a réiteach do na hoibrithe atá thíos leis i dTír Chonaill. [30233/04]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, tá an comhlacht atá luaite ag an Teachta i gcoimhlint le comhlachtaí i dtíortha le costais íseal táirgíochta. Mar is eol don Teachta, tá coimhlint ghéar in earnáil na déantúsaíochta le roinnt blianta agus tá poist á gcailliúint sa tír seo dá réir, na ceantair Ghaeltachta san áireamh.

Tuigim go mbíonn caidreamh rialta ag feidhmeannas Údarás na Gaeltachta leis an gcomhlacht seo chun scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann maidir lena inmharthanacht a chinntiú. Ina thaobh sin de, rinneadh tuilleadh plé ar thodhchaí an chomhlachta ag cruinniú ar 18 Samhain 2004. Tuigim ón údarás go bhfuil an comhlacht fós ag lorg orduithe a chuirfidh ar a chumas táirgíocht a athbhunú sa tír seo ach ní mór, ar ndóigh, an choimhlint ghéar atá san earnáil déantúsaíochta seo i láthair na huaire a choimeád san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.