Written answers
Tuesday, 19 October 2004
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Limistéir Oifigiúla Gaeilge
8:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 421: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén moladh atá aige, má tá, chun seans a thabhairt do limistéir taobh amuigh den Ghaeltacht stádas Gaeltachta a bhaint amach agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [25144/04]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, tá conradh chun staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht bronnta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Beidh an staidéar mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Tuigim go mbeidh na roghanna éagsúla tíreolaíocha agus deimeagrafaíochta, a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú, á scrúdú mar chuid den staidéar.
No comments