Written answers

Tuesday, 5 October 2004

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Réamhscolaíocht agus Seirbhísí Óige

9:00 pm

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 205: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag Údarás na Gaeltachta chun béim níos láidre a chur ar naíscolaíocht agus ar sheirbhísí don óige sa Ghaeltacht. [22732/04]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun cúrsaí réamhscolaíochta agus seirbhísí óige a chur chun cinn agus a fhorbairt sa Ghaeltacht. Caitheadh €395,000 ar na gnéithe seo i 2003 agus meastar go mbeidh caiteachas níos mó ná €1 milliún i 2004 mar gheall ar na forbairtí seo a leanas.

Cuirfidh an t-údarás cúnamh suas go dtí €880,000 ar fáil i mbliana do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Teo., comhlacht neamhspleách nua-bhunaithe ar mhaithe leis an gcóras naíscolaíochta sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a bhainistiú. Tá bainisteoir, foireann riaracháin, mar aon le triúr oifigeach forbartha fostaithe chun freastal ar na réigiúin éagsúla Gaeltachta. Ina theannta sin, tá ionadaíocht ag na naíonraí as gach ceantar Gaeltachta ar bhord stiúrtha an chomhlachta. Tá na forbairtí seo tábhachtach sa chomhthéacs go bhfuil 144 stiúrthóir i mbun oibre sna 70 naíonra sa Ghaeltacht agus de bhreis ar 1,000 páiste réamhscoile ag freastal orthu.

Maidir le seirbhísí óige sa Ghaeltacht, táthar ag tuar caiteachais de €160,000 i mbliana. Ghlac an t-údarás leis na moltaí a tháinig chun cinn maidir le bunú struchtúr óige sa staidéar ar ógsheirbhísí Gaeilge agus Gaeltachta agus ar riachtanais agus éilimh dhaoine óga a foilsíodh i Meitheamh 2003. Dá réir sin, tá cinneadh tógtha go mbunófar comhlacht neamhspléach, Óige na Gaeltachta, chun ógsheirbhísí Gaeltachta a riaradh agus a mhaoiniú. Tá na réamhchéimeanna á dtógáil i láthair na huaire agus táthar ag súil go mbeidh an comhlacht nua ag feidhmiú faoi thús na bliana 2005.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.