Written answers

Tuesday, 5 October 2004

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

An Daonáireamh Náisiúnta

9:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 202: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil staidéar déanta aige ar an gcuid de Dhaonáireamh 2002 a bhaineann leis an nGaeilge. [22787/04]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 70 den 27 Samhain 2003, Uimh. 527 den 7 Deireadh Fómhair, Uimh. 106 den 27 Aibreán 2004 agus Uimh. 56 den 31 Bealtaine 2004.

Faoi mar a bhí curtha in iúl cheana féin, is léir ó fhigiúirí an daonáirimh go bhfuil idir ábhar dóchais agus foláirimh iontu maidir le húsáid na Gaeilge. Is léir go bhfuil ísliú beag tagtha ar líon na nGaeilgeoirí laethúla lasmuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht ach is tuar dóchais, ag an am céanna, an t-ardú ar líon na nGaeilgeoirí ar fud na tíre a bhfuil sé ar a gcumas Gaeilge a labhairt.

Tá infheistíocht suntasach déanta ag mo Roinnse i mbuanú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus tá sé tábhachtach go bhfuil torthaí na hinfheistíochta sin le feiceáil sna figúirí is deireanaí. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí anois agus príomhchuspóir aige seirbhísí poiblí a shóláthar i nGaeilge ar chaighdeán níos airde. Faoi mar a dúirt mé cheana, beidh sé mar aidhm lárnach agam i gcónaí spreagadh agus tacaíocht a chur ar fáil chun cur leis an méid daoine a bhfuil deis acu an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.