Written answers
Tuesday, 5 October 2004
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Laghdú Fostaíochta
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 190: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol dó na deacrachtaí atá ag tionscal (sonraí tugtha) i nDún na nGall agus an bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun postanna na n-oibrithe a chaomhnú. [22754/04]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, tá an comhlacht atá luaite ag an Teachta i gcoimhlint le comhlachtaí i dtíortha le costais íseal táirgíochta. Mar is eol don Teachta, tá coimhlint ghéar in earnáil na déantúsaíochta le roinnt blianta agus tá poist á gcailliúint sa tír seo dá réir, na ceantair Ghaeltachta san áireamh.
Tuigim go bhfuil caidreamh leanúnach ar siúl i láthair na huaire ag feidhmeannas Údarás na Gaeltachta leis an gcomhlacht áirithe seo chun scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann maidir lena inmharthanacht a chinntiú.
No comments