Written answers
Tuesday, 5 October 2004
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
9:00 pm
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 175: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conas a d'éirigh le scéim na mac léinn sa Ghaeltacht i mbliana. [22790/04]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Táim ag glacadh leis gurb í scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge atá i gceist ag an Teachta. Ón eolas atá ar fáil dom ag an bpointe seo, is féidir liom a rá gur éirigh go maith leis an Scéim i mbliana agus go raibh freastal maith ar na coláistí Gaeilge samhraidh.
Cé nach bhfuil figiúirí críochnaitheacha ar fáil go fóill, meastar nach mbeidh aon athrú mór ann ón mbliain seo caite, tráth a d'fhreastail thart ar 22,500 foghlaimeoirí ar na coláistí Gaeilge samhraidh.
No comments