Written answers
Tuesday, 25 May 2004
Department of Foreign Affairs
Fógraíocht Ranna
7:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 135: To ask the Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. [15137/04]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 136: To ask the Aire Gnóthaí Eachtracha conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán [i]Lá[/i] san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh [i]Foinse[/i] le haghaidh fógraí. [15152/04]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 137: To ask the Aire Gnóthaí Eachtracha cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán [i]Foinse[/i] in 2003. [15167/04]
Brian Cowen (Laois-Offaly, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ba mhaith liom Ceisteanna Uimh. 135, 136 agus 137 a ghlacadh le chéile.
Braitheann rogha an mheáin fhógraíochta a úsáideann an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar mhórán rudaí ina bhfuil comhthéacs, cuspóir, agus oiriúnacht an mheáin san áireamh. Chuir an Roinn fógraí san dá nuachtán liostaithe ag an dTeachta i rith an dá mhí déag deireannach. Tá sé ar intinn againn leanúint ar aghaidh leis an bpolasaí seo agus, i mo thuairim, ní gá comórtas a chur ar bun fá choinne na ceiste seo.
Chuir an Roinn dhá fhógra sa nuachtán Foinse i rith na mbliana 2003. Íocadh na gnáth táillí atá i bhfeidhm do Ranna an Stáit. Tá gach fógra a chuireann an Roinn socraithe le Brindley Advertising Limited, ag a bhfuil an conradh faoi láthair an tseirbhís seo a chur ar fáil.
No comments