Written answers
Tuesday, 25 May 2004
Department of An Taoiseach
Fógraíocht Ranna
7:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 71: To ask the Taoiseach an bhfuil comórtas i gceist i roghnú cén nuachtán náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí stáit ó Roinn an Taoisigh. [15132/04]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 72: To ask the Taoiseach conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán [i]Lá[/i] san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh [i]Foinse[/i] le haghaidh fógraí. [15147/04]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 73: To ask the Taoiseach cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán [i]Foinse[/i] in 2003. [15162/04]
Bertie Ahern (Dublin Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Molaim ar Cheisteanna Uimh. 71 go 73 a thógáil le chéile.
Ar mhaithe le h-aitheantas na Roinne seo don Ghaeilge, cinntítear go mbíonn iomlán an fhógraíochta a chuirtear in sna nuachtáin dhá theangach.
Roghnaítear na nuachtáin de réir an chineál fógraíochta atá i gceist, an phobail ar a bhfuil sé ag díriú, chomh maith le luach airgid. Mar sin, úsáidtear nuachtáin éagsúla, ag brath ar ábhair an fhógra atá le foilsiú.
Sa bhliain 2003, ba é an chostas a bhí ar an Roinn seo ar tháillí fógraíochta ins na nuachtáin ná €40,571.00.
Bhain na fógraí seo leis an gcóras comhairleach poiblí a bhí foilsithe roimh an páipéir bán ar "Rialáil Nios Fearr", le feachtas an Fhóraim Náisiúnta Eorpach agus leis an searmanas don lá comórtha náisiúnta.
Cé nár úsáidí na nuachtáin foilsithe trí Ghaeilge — Foinse agus Lá, bhí na fógraí in sna nuachtáin áitiúla agus náisiúnta dhá theangach i ngach chás.
No comments