Written answers

Tuesday, 25 May 2004

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Fógraíocht Ranna

7:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 392: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltacht. [15145/04]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 393: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán [i]Lá[/i] san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh [i]Foinse[/i] le haghaidh fógraí. [15160/04]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 394: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán [i]Foinse[/i] in 2003. [15175/04]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 392, 393 agus 394 le chéile.

Is é an gnáth-chleachtas le tamall i mo Roinnse ná go roghnaítear na nuachtáin ina gcuirtear fógraí oifigiúla i gcomhréir leis na riachtanais a bhaineann le gach cás ar leith agus i bhfianaise na ngrúpaí áirithe ar a mbíonn na fógraí dírithe. Ní bhíonn comórtas sonrach idir nuachtáin ar leith i gceist.

Ní miste a lua go bhfuil athbhreithniú beartaithe ar pholasaí agus ar chleachtas mo Roinne maidir leis ábhar seo i gcomhthéacs na rialachán atá le déanamh faoi Alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bainfidh na rialacháin sin le húsáid na Gaeilge amháin, nó na Gaeilge agus an Bhéarla le chéile, ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí. Tá réamh-obair ar siúl faoi láthair i ndáil leis na rialacháin sin agus tá sé mar sprioc agam go mbeidh feidhm dhlíthiúil tugtha dóibh roimh deireadh an tsamhraidh.

Íocadh suim €8,021 i leith fógraí oifigiúla di chuid mo Roinnse a fhoilsiú san nuachtáin Foinse i 2003.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.