Written answers

Tuesday, 25 May 2004

Department of Justice, Equality and Law Reform

Fógraíocht Ranna

7:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 343: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. [15143/04]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 344: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán [i]Lá[/i] san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh [i]Foinse[/i] le haghaidh fógraí. [15158/04]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 345: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán [i]Foinse[/i] in 2003. [15173/04]

Photo of Michael McDowellMichael McDowell (Dublin South East, Progressive Democrats)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 343 go dtí 345 le chéile.

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta gur gnólacht fógraíochta a theachtann an conradh Rialtais d'idirbhearta den chineál sin a chuireann fógraí sna nuachtáin thar ceann mo Roinne. I dtaca leis seo de, tá curtha in iúl dom, i gcás go raibh fógraí á gcur i nuachtán Gaeilge, gur roghnaíodh an foilseachán Foinse mar gurbh é an t-aon nuachtán Gaeilge a bhí ar eolas é a raibh dáileadh leathan air sa dlínse seo.

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta nár cuireadh an nuachtán san áireamh mar, go dtí le gairid, ní raibh oifigigh iomchuí mo Roinne ar an eolas faoina dháileadh sa dlínse seo. Is féidir liom a chur in iúl don Teachta, chomh maith, gur €8,906.87 luach na bhfógraí a cuireadh le Foinse le linn 2003.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.