Written answers

Tuesday, 25 May 2004

Department of Health and Children

Fógraíocht Ranna

7:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 255: To ask the Aire Sláinte agus Leanaí an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Sláinte agus Leanaí. [15141/04]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 256: To ask the Aire Sláinte agus Leanaí conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán [i]Lá[/i] san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh [i]Foinse[/i] le haghaidh fógraí. [15156/04]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 257: To ask the Aire Sláinte agus Leanaí cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15171/04]

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 255 go dtí 257 le chéile.

Chaith mo Roinn €11,797.50 (gan CBL) ar fhógraí sa nuachtán Foinse i 2003. Nuair a bhíonn fógraí á gcur i nuachtáin, déantar na nuachtáin go léir a mheas agus roghnaítear iad ag cur san áireamh na spriocléitheoirí don fhógra faoi leith. Déanann an tAonad um Chothú Sláinte pleanáil is ceannaítear spás sna meáin cumarsáide bunaithe ar an Joint National Research Survey a dhéanann measúnú ar nósanna léitheoireachta agus stíl bheatha an phobail. Sé an tsuirbhé seo an léirmheas cuimsitheach ar an dtionscal meáin cumarsáide ar a gcannaítear an chuid is mó d'fhógraí. Déanfaidh mé a dheimhniú go gcuirfear an nuachtán san áireamh agus nuachtáin á roghnú chun fógra a fhoilsiú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.