Written answers
Tuesday, 18 May 2004
Department of Education and Science
Halla Spóirt
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 208: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an eol dó an géarghá atá le halla spóirt do Phobalscoil Ghaoth Dobhair, cad é an dul chun cinn atá déanta agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14455/04]
Noel Dempsey (Meath, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair liostaithe in Alt 9 den chlár tógála scoile 2004 atá foilsithe ar láithreán gréasáin mo Roinne ag http://www.education.ie. Tá an tionscadal seo ag céim 2 (pleananna/sceitsí) den phleanáil ailtireachta. Tá rátáil 'banda 4' sannta chuig an tionscadal ag mo Roinn, de réir na gcritéar atá foilsithe ar thosaíocht a thabhairt do thionscadail ar mhórscála. Cuirfidh an fógra buiséid maidir le clúdach caipitil ilbhliantúla ar mo chumas creat oibre ilbhliantúil a ghlacadh maidir le Clár Tógála Scoile a thabharfaidh ansin níos mó soiléireachta maidir le tionscadail nach bhfuil ag dul ar aghaidh chuig tairiscintí i gclár na bliana seo, lenan-áirítear Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Déanfaidh mé fógra eile maidir leis seo le linn na bliana.
No comments