Seanad debates

Wednesday, 24 September 2014

Adjournment Matters

Scoileanna Gaeltachta

6:15 pm

Photo of Paddy BurkePaddy Burke (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I welcome the Minister of State, Deputy Joe McHugh, to the House and wish him well with his new portfolio.

Photo of Jim D'ArcyJim D'Arcy (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach agus gabhaim comhghairdeas leis as ucht a oifig nua a bhaint amach. Tá súil agam agus táim cinnte go n-éireoidh go maith leis. An cheist atá agam don Aire Stáit ná: An bhfuil aon phlean aige le liúntas a thabhairt do na mná nó fir tí maidir sna coláistí samhraidh agus na coláistí oiliúna mar gheall ar na táillí uisce agus má tá, cé mhéid atá i gceist mar liúntas?

Maidir le táillí uisce, tá sé ráite ag Uisce Éirinn go gheobhaidh páistí liúntas cóir chun a dhéanamh cinnte go mbeidh an úsáid saor. Ar dtús, moladh 38,000 litres do gach pháiste faoi 18. Ansin tháinig cinneadh eíle a mhol 21,000 litres, agus sin mar atá sé anois. Faoi láthair, níl aon liúntas ar fáil do na mná nó fir tí sna coláistí samhraidh do pháistí atá ag fanacht sna tithe sin agus iad ag freastal ar choláistí samhraidh. Tá sé ag eirí níos deacra an t-am ar fad do na coláisti samhraidh go leor tithe a fháil do scoláirí de bharr an méid beag airgid a fhaigheann na mná nó fir tí. Chomh maith le sin, nil aon dabht ach go bhfuil níos mó de dhíth ag na scoláirí de bharr an ardú mór atá tagtha ar an gcaighdeán maireachtála le roinnt blianta anuas.

Nuair a chuaigh mise go dtí an Ghaeltacht ar feadh míosa mar ghasúr, níor ghlac mé cithfholcadh nó folcadh an t-am ar fad a bhí mé ann. Nigh mé mé féin, ach ní raibh cithfholcadh agam ar chor ar bith. Chuaigh mé isteach sa pholl snámha nó san fharraige. Anois, glacann páistí cithfholcadh gach lá nó níos mó, b'fhéidir ar maidin, san iarnóin agus arís roimh dul amach san oíche. Tá a lán uisce de dhíth ar scoláirí sna coláistí samhraidh sa lá atá inniu ann.

larraim ar an Aire Stáit cothrom na féinne a sholáthar do na mná agus fir tí agus iarraim air a dhéanamh cinnte de go gheobhaidh siad íocaíocht ceart agus nach mbeidh orthu costas usáid uisce na bpáistí a thógáil orthu féin. Iarraim freisin ar an Aire Stáit a bheith eolach go n-úsáideann páistí níos mó uisce i rith an tsamhraidh i gcoitinne, go háirithe de bharr méadú mór ar ghníomhaíocht sóisialta agus fisiciúil a bhíonn ar siúl acu sa Ghaeltacht.

Rinne mé iarracht costasaíocht a oibriú amach maidir le seo agus tá spreadsheet agam le tabhairt don Aire Stáit. Tá an t-eolas leagtha amach sa spreadsheet, ach leagfaidh mé amach an t-eolas go simplí anois. Má thógtar an Iiúntas bliantúil de 31,000 litres do pháiste, bheadh liúntas laethúil de 57.5 litres i gceist. Bunaithe ar chostas €4.88 ar 1,000 litres, bheadh costas laethúil de €0.28 ag dul don pháiste. Ar an dóigh sin, do chúrsa 21 lá, cosnódh sé €5.90 don chúrsa thar cheann gach páiste. Ach, má táimid ag trácht faoi mhéadú ar an usáid ag páisti, agus tarlaíonn sin i rith an tsamhraidh, idir ólachán uisce, cithfholcthaí agus níochán éadaí, mholfainn an chéad moladh a cuireadh amach a ghlacadh mar cinneadh, is é sin 38,000 litres a thabhairt do pháistí mar liúntas bliantúil. Thabharfadh seo liúntas laethúil 104 litres d'uisce do gach páiste. Bunaithe ar bhunchostas de €4.88 ar 1,000 litres, bheadh costas laethúil de €0.51 ag dul don phaiste. Sa chás seo, do chúrsa 21 lá, bheadh costas €10.57 thar cheann gach páiste.

Tuigim gach rud a dúirt an t-Aire Stáit ach an bhfuil an Roinn ag smaoineamh ar aon rud a dhéanamh mar gheall ar seo? Is the Minister of State thinking of doing anything about this?

6:35 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá, bhí mé ag smaoineamh faoi gach aon rud agus mar a dúirt duine i mo pharóiste féin cúpla seachtain ó shin, d'íosfainn an úll dá mbeadh úll agam. Dá mbeadh an t-airgead agam, bheimis san áit cheart. Tá eolas agam faoin obair atá ar siúl i gceantair iargúlta na Gaeltachta. Chuir muintir na Gaeltachta fáilte chroíúil romham i rith na tréimhse a chaith mé ann sa samhradh agus chonaic mé le mo shúile féin an sár-obair a dhéanann na mná tí. Is í an Ghaeilge agus bheith ag obair leis na daoine atá ag obair go dian agus go díograiseach chun í a chur chun cinn an fhreagracht is tábhachtaí atá agam i mo ról mar Aire Stáit. Tugann Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge €50 milliún gach bliain chuig ceantair Gaeltachta. Is í an éifeacht eacnamaíoch seo an rud is tábhachtaí faoin scéim. Nílim ábalta ceist an tSeanadóra a fhreagairt anocht ach beidh mé ag smaoineamh faoi.
Mar fhocal scoir, cé go bhfuil mo Roinn sásta ceist na dtáillí uisce a phlé le páirtithe leasmhara, ag deireadh an lae tuigfidh an Teach nach dtagann na socraithe a bhaineann leis na táillí uisce ó mo Roinn. Tá Ranna eile ag obair ar an ábhair seo. Is í an obair atá á dhéanamh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí leis na mná tí an rud is tábhachtaí. Ba mhaith liom oibriú le daoine sna ceantair seo i rith m'am mar Aire Stáit, ba mhaith liom oibriú leis na mná tí agus ba mhaith liom aon seanadóirí a chabhrú leis an gceist. Is é sin mo dhualgas. Níl mé freagrach as táillí uisce, ach tá sé tábhachtach bheith labhairt sa díospóireacht anocht faoin sár-obair atá déanta agus atá fós á dhéanamh ag na mná tí i gceantair iargúlta na Gaeltachta. Gabhaim buíochas arís leis an Seanadóirt.

Photo of Jim D'ArcyJim D'Arcy (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Guím comhghairdeas ó chroí ar an dul chun cinn iontach mhór atá á dhéanamh ag an Aire ar a chuid Gaeilge. Togha an fhir.

The Seanad adjourned at 8.35 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 25 September 2014.