Seanad debates

Tuesday, 13 March 2012

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

4:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas as an gcuireadh a bheith i láthair sa Seanad chun labhairt faoin obair atá ar siúl ag an Rialtas maidir leis an Ghaeilge. Is cinnte go bhfuil sé tráthúil go bhfuil díospóireacht den chineál seo ag tarlú le Seachtain na Gaeilge faoi lánseol. Tá mé féin tar éis a bheith i láthair ag roinnt mhaith imeachtaí ó sheol an Taoiseach an tseachtain go hoifigiúil Dé Máirt seo caite agus tá mé cinnte go n-aontóidh Seanadóirí liom gur beag áit sa tír nach bhfuil imeacht éigin eagraithe chun daoine a thabhairt le chéile agus an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn. Ba mhaith liom moladh a thabhairt d'fhoireann Seachtain na Gaeilge agus na heagraíochtaí eile atá páirteach san ócáid. Ba mhaith liom moladh ar leith a thabhairt dóibh siúd, idir óg agus aosta, atá ag glacadh páirt sna hócaidí ar fud na tíre. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na Teachtaí ar fad a ghlac páirt i Lá na Gaeilge sa Dáil an Chéadaoin seo caite. Ba í seo an chéad uair - gur cuimhin liom - gur tógadh Ceisteanna na gCeannairí go hiomlán trí Ghaeilge. An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ar an lá na gur lean an Ghaeilge ar aghaidh tríd an lá sa Dáil. Tháinig Aire i ndiaidh Aire, agus Teachta i ndiaidh Teachta, isteach ag labhairt agus ag déanamh gnó na Dála agus gnó na tíre trí Ghaeilge. Sílim gur dul chin cinn suntasach a bhí ansin.

Sula ndéanaim cur síos ar na céimeanna éagsúla atá sa treis faoi láthair maidir leis an straitéis 20 bliain, measaim go mbeadh sé tairbheach léargas gairid a thabhairt ar na cláir thacaíochta agus na gníomhaíochtaí éagsúla atá ar siúl ag mo Roinn i láthair na huaire chun cuidiú le buanú agus le neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre, Thuaidh agus Theas. Ní miste a mheabhrú go bhfuil na cláir agus na gníomhaíochtaí seo fite fuaite go dlúth leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a bhfuil sé mar phríomhaidhm aici líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú go substaintiúil ar bhonn céimnithe sna blianta amach romhainn.

In ainneoin go bhfuil acmhainní an Stáit faoi bhrú mór faoi láthair agus go raibh cinntí crua le tógáil dá réir ag an Rialtas maidir le dáileadh na n-acmhainní sin sa cháinaisnéis a cuireadh i láthair na Dála i mí na Nollag 2011, tá níos mó ná €62 milliún san iomlán le caitheamh ag mo Roinn i 2012 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán, lena n-áirítear an Foras Teanga. Ní dóigh liom go bhféadfadh éinne a mhaíomh gur suim shuarach airgid í seo agus geilleagar na tíre sa riocht ina bhfuil sé faoi láthair. Is fúinne atá sé a chinntiú go gcaithfear an maoiniú seo ar bhealach straitéiseach a rachaidh chun sochair don phobal atá ag brath air. Tá leithdháileadh níos mó ná €46 milliún beartaithe faoin gclár Gaeilge, Gaeltachta agus oileán de mo Roinn don bhliain 2012, lena n-áirítear níos mó ná €37 milliún in airgead reatha agus beagnach €9 milliún in airgead caipitil.

Chomh maith leis sin, tá leithdháileadh níos mó ná €15.4 milliún beartaithe don Fhoras Teanga i 2012 faoin gclár Thuaidh-Theas de mo Roinn. Ar ndóigh, ní miste a rá go bhfuil an buiséad iomlán don Fhoras Teanga do 2012 le faomhadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Ní thógann na figiúirí seo san áireamh an caiteachas a dhéantar i réimsí eile ar nós cúrsaí oideachais agus cúrsaí craolacháin, gan trácht ar raon leathan seirbhísí eile a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil chun freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge. Mar a dúirt mé, tá cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge fite go dlúth leis an obair atá idir lámha ag mo Roinn. Os rud é go bhfuil os cionn €9 milliún, idir maoiniú caipitil agus reatha, curtha ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta don bhliain 2012, beidh mo Roinn in ann dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht.

Ar an taobh reatha, is í scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge an scéim teanga-lárnaithe is tábhachtaí atá ag mo Roinn. Is cúis sásaimh ar leith dom é nach mbeidh aon laghdú i mbliana ar an deontas a íoctar leis na teaghlaigh sa Ghaeltacht - na mná tí - a choinníonn na scoláirí ar iostas ina gcuid tithe faoin scéim seo. Mar is eol do na Seanadóirí, laghdaíodh an deontas do na mná tí le dhá bhliain anuas. Tá áthas orm go gcoinneofar an cúnamh fíor-thábhachtach seo ag an leibhéal céanna i mbliana.

Chomh maith leis seo, tá córas nua le tacú go praiticiúil le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge, nó go deimhin a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh, á scrúdú agam faoi láthair. Tá súil agam go mbeidh mé in ann gníomhú ar an ábhar seo go luath. Faoin gcur chuige úr atá beartaithe, ba mhaith le mo Roinn tacaíocht níos éifeachtaí a thabhairt do ghlúnta tuismitheoirí Gaeltachta chun cabhrú leo a gcuid páistí a thógáil trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, bheadh a leithéid de chur chuige fite fuaite le haidhmeanna na straitéise 20 bliain.

Ar an taobh caipitil, beidh mo Roinn ag díriú ar thacaíocht a thabhairt do thógáil agus do chuíchóiriú ionaid phobal-bhunaithe agus teanga-lárnaithe sa Ghaeltacht chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise ar an talamh.

I gcás Údarás na Gaeltachta, tá sé beartaithe go gcuirfear beagnach €19 milliún ar fáil don údarás don bhliain 2012, lena n-áirítear buiséad caipitil de beagnach €6 mhilliún, buiséad reatha de €3 mhilliún agus buiséad riaracháin de beagnach €10 milliún. Ní miste a rá go mbeidh acmhainní breise caipitil idir €4 mhilliún agus €5 mhilliún dá gcuid féin ag an údarás a bheidh á gcaitheamh aige i 2012. Cinntíonn soláthar an Státchiste gur féidir leis an údarás leanúint leis ag mealladh infheistíochta chun na Gaeltachta, ag tacú le bunú agus le buanú poist sa Ghaeltacht agus ag tabhairt cúnaimh do phobail Ghaeltachta maidir le tograí teanga-lárnaithe.

Maidir leis na hoileáin, cuirfear soláthar níos mó ná €6.8 milliún ar fáil dóibh i 2012, lena n-áirítear €5.9 milliún ar an taobh reatha. Cinnteoidh an soláthar méadaithe reatha go mbeidh sé d'acmhainn ag mo Roinn leanúint leis an maoiniú do na seirbhísí riachtanacha iompair do na hoileáin a bhfuil conaí buan orthu. Measaim go dtugann an méid seo léargas ar an chlár oibre cuimsitheach atá ar bun ag mo Roinn i láthair na huaire, i dtaca leis an chaoi a gcaithfear leis an soláthar airgid atá curtha ar fáil i Meastacháin 2012 chun tacaíochtaí fiúntacha a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Ba mhaith liom anois labhairt go sonrach faoin méid atá ar siúl maidir le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Mar is eol do Sheanadóirí, thóg an Rialtais cinneadh ar 7 Feabhra seo caite go ndéanfar an Bille Gaeltachta 2012 a dhréachtú mar thosaíocht chun feidhm a thabhairt do na cinntí polasaithe a bhí tógtha ag an Rialtas ar 31 Bealtaine 2011 maidir le sainmhíniú úr don Ghaeltacht agus ról agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Tá súil agam go bhfoilseofar an Bille Gaeltachta i mbliana i gcomhréir le clár reachtaíochta an Rialtais. Mar atá curtha in iúl agam cheana, déanfar foráil faoin Bhille Gaeltachta do shainmhíniú reachtúil nua ar an Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíochta le hais an tsainmhínithe mar a sheasann sé faoi láthair. Déanfar forálacha faoin Bhille Gaeltachta fosta maidir le leasuithe a dhéanamh ar ról agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta agus ar struchtúir agus ar mhodh ceaptha bhord an údaráis.

Maidir leis an straitéis féin, is cúis sásaimh dom a bheith in ann a rá gur chinn an Taoiseach, nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht, an coiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht a athbhunú faoina chathaoirleacht féin, mar atá sonraithe faoin straitéis 20 bliain. Bhí dhá chruinniú den choiste Rialtais ann le linn 2011. Ó thaobh mo Roinne féin de, táthar ag tabhairt le dúthracht faoi chéim an bhunaithe den straitéis. Tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinn atá freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú. Tá obair thábhachtach maidir le cur i bhfeidhm eilimintí éagsúla den straitéis ar siúl ag an aonad straitéise i mo Roinn féin agus ag na trí ghrúpa oibre le príomhpháirtithe leasmhara na straitéise atá ag feidhmiú faoina scáth. Tá grúpa idir-rannach bunaithe faoi mo chathaoirleacht féin chun cur i bhfeidhm na straitéise a chomhordú. Chomh maith leis an ngrúpa idir-rannach, táthar ag beartú cruinnithe déthaobhacha a eagrú idir oifigigh ó mo Roinn agus oifigigh ó Ranna eile chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa straitéis a bhrú chun cinn.

Tá sé ráite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge go mbeidh forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ag croílár na straitéise. Deirtear sa straitéis go ndéanfar plean teanga a hullmhú do gach ceantar Gaeltachta, go gcuimseoidh na pleananna seo gach gné de shaol an phobail agus go mbeidh siad bunaithe ar riachtanais aitheanta teanga an cheantair. Tá sé aitheanta sa straitéis 20 bliain, agus go deimhin roimhe sin sa staidéar teangeolaíochta, go bhfuil sé tábhachtach go n-aimseofaí cur chuige níos fearr a fhágfaidh go mbeidh pobail agus eagrais phobalbhunaithe na Gaeltachta in ann a bheith níos larnaí fós maidir le treisiú na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé soiléir go mbeifear ag brath níos mó ná riamh anois ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta chun an phleanáil teanga atá lárnach don straitéis 20 bliain a chur chun cinn. Tá plé ag dul ar aghaidh faoi láthair faoin ábhar seo i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

Ag deireadh an lae, is rogha don phobal í an Ghaeilge a labhairt nó gan í a labhairt. Cuideoidh an Stát ar gach bealach ar féidir cur le heolas an phobail ar an nGaeilge, deiseanna a chruthú an Ghaeilge a úsáid agus dearcthaí dearfacha i leith úsáid na Gaeilge a chothú, mar atá ráite faoin straitéis 20 bliain.