Seanad debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na Seanadóirí. Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt i Seanad Éireann le linn Sheachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is iontach an méid sin Gaeilge a chloisteáil anseo inniu.

Tá gach scéim atá á riaradh ag mo Roinn tábhachtach agus dírithe ar neartú agus ar bhuanú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus go deimhin ar fud an oileán seo. Mar a luaigh an tAire, an Teachta Martin, tá ceannteidil an Bille um Údarás na Gaeltachta (leasú agus forálacha ilghnéitheacha), 2024 curtha faoi bhráid an Rialtais aici an tseachtain seo. Gníomh fíorthábhachtach d'obair an údaráis atá i gceist. Tá obair thábhachtach curtha i gcrích ag an údarás maidir le fostaíocht agus forbairt eacnamaíochta na ceantair Ghaeltachta i gcomhar le mo Roinn chun saol phobal na Gaeltachta a fheabhsú agus chun an Ghaeltacht a chosaint agus a fhorbairt. Ba mhaith liom a gcuid oibre i réimse na pleanála teanga a threáslú le hÚdarás na Gaeltachta agus go deimhin le Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge ag obair sa réimse seo agus iad ag obair le bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge ar fud na tíre. Go dáta, tá 37 plean teanga ceadaithe agus do sheol mé an plean teanga is déanaí don limistéar pleanála teanga Mhaigh Eo thiar agus mé ar chuairt ar an gcontae an tseachtain seo caite. Tugann an pleanáil teanga deis do phobail áitiúla a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Gaeilge ar aghaidh go slán sábháilte chuig na glúnta atá le teacht.

Amárach, beidh mé ag seoladh stráitéis do na healaíne teangabhunaithe i nGailimh. Tá na healaíne ar cheann de na bealaí is fearr gur féidir linn an Ghaeilge a spreagradh i measc an chéad glúin eile mar theanga pobail agus mar theanga cumarsáide i measc ár bpobal. Cuid lárnach de shaol na gceantair Ghaeltachta is iad na coláistí samhraidh. Le tacaíocht agus comhoibriú ó geallsealbhóirí na hearnála, tá dul chun cinn dearfach tagtha ar chóras na coláistí. Chun a chinntiú go mbeidh an deis ag níos mó daoine óga teacht ar na cúrsaí seo, cuireann an Roinn maoiniú €400,000 ar fáil do scéimeanna scoláireachta deis Gaeltachta. I réimse eile den oideachas, tá mo Roinn ag déanamh infheistíocht shuntasach i mbliana i scéim Gaelbhratach de chuid Gael Linn. Spreagann an scéim seo úsáid na Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga. Tacaíonn mo Roinn freisin leis na cláir Kinia agus TechSpace. Tá ag éirí go han mhaith leis an obair atá ar siúl acu ag tabhairt an teicneolaíocht agus an ré digiteach isteach sa seomra ranga go nádúrtha trí Ghaeilge. Cuireann na tionscnaimh seo go díreach leis na haidhmeanna i réimse an oideachais atá leagtha amach sa stráitéis 20 bliain don teanga. Tacaíonn mo Roinn freisin le heagraíochtaí ar nós Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Tuismitheoirí na Gaeltachta a chuireann seirbhísí agus imeachtaí ar fáil trí Ghaeilge sna ceantair Gaeltachta.

Scéim fíorthábhachtach eile de chuid mo Roinne is ea scéim na cúntóirí teanga. Tacaíonn sé seo leis an gcóras oideachais sna scoileanna Gaeltachta, agus anois tá an scéim ar bun sna bailte seirbhísí Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge freisin. Tá achmhainní breise ar fáil faoi cháinaisnéis 2024 chun tabhairt faoin obair a bhaineann leis an Acht Teanga nua, chomh maith le tionscnaimh nua a mhaoiniú agus bearta atá idir lámha cheana féin a leathnú amach. Tá go leor nithe suntasacha tagtha chun cinn de thoradh an Acht cheana féin, ina measc bunaíodh coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge agus conradh taighde aontaithe i leith ullmhú an phlean náisiúnta. Mar thoradh ar obair an choiste seo, beimid ag súil an chéad phlean náisiúnta um seirbhíse poiblí Gaeilge a fhoilsiú níos déanaí i mbliana, agus is gníomh oibre nach beag atá i gceist.Ar ndóigh, tá obair ar siúl maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an oileáin seo. Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht atá freagrach as an Ghaeilge a fhorbairt ar fud an oileáin. Tá áthas orainn go bhfuil Feidhmeannas Thuaisceart na hÉireann ar ais ag suí arís. Ciallaíonn sé seo gur féidir leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá ar siúl ag an bhforas. Tá mo Roinn ag comhoibriú le tionscnamh oileán comhroinnte ó Roinn an Taoisigh maidir le forbairt na Gaeilge ar bhonn uile-oileáin freisin. Cúpla seachtain ó shin, bhí mé i mBéal Feirste agus bhuail mé le Linda Ervine atá taobh thiar de Naíscoil na Seolta in oirthear na cathrach sin. Tá súil againn tacú leis an obair seo faoi scáth an tionscnaimh oileán comhroinnte.

Is tír ilchultúrtha í Éire inniu. I mbliana, chuireamar fáilte roimh go leor teaghlach agus daoine aonair. Chuige sin, tá maoiniú suntasach curtha ar fáil ag mo Roinn freisin d'fheachtas “Céad Míle Fáilte” de chuid Chonradh na Gaeilge. Is é cuspóir an fheachtais ná iad siúd atá tar éis teacht go hÉirinn le déanaí a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid mar bhealach chun féiniúlacht Éireannach níos láidre a chruthú dóibh féin.

Tá rún daingean agam féin, ag an Aire, an Teachta Martin, agus ag an Rialtas trí chéile na gealltanais atá déanta againn i leith fhorbairt agus neartú na Gaeilge a chur i gcrích, agus leanfaimid orainn á dhéanamh sin le linn na bliana atá romhainn.

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach Gníomhach agus leis na Seanadóirí go léir as ucht an deis cúpla focal a rá maidir le Seachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.