Seanad debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Marie SherlockMarie Sherlock (Labour) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus fáiltím roimh an Aire Stáit go dtí an Seanad. Tacaím leis na focail maidir le Niall Ó Donnghaile, who is very much missed in this Chamber. Tá áthas an domhain orm nach bhfuil ceiliúradh amháin ach dhá ceann againn inniu, Seachtain na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tá toghcháin i mbliana agus ba mhaith liom a rá go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfuil daoine le Gaeilge agus go háirithe mná le Gaeilge ag seasamh sna toghcháin. Tuigimid nach bhfuil Gaeilge foirfe ag a lán daoine, go háirithe mé féin, ach ní bheidh a dhóthain dul chun cinn i dtaca leis an nGaeilge mura mbeidh daoine le suim agus le díograis mar bhaill dár gcomhairlí chontae trasna na tíre agus san Oireachtas.

Tá an iomad le déanamh leis an nGaeilge a spreagadh sa chóras oideachais, sna polasaithe tithíochta agus a lán rud eile ach ní féidir linn na dúshláin seo a shárú mura bhfuil na daoine cearta sna háiteanna cearta. Má táimid tiomanta don chomhionannas deise do gach duine ina saol féin agus an chomhionannas deise chun an teanga Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid, is léir go bhfuil gá le níos mó mná tofa sa tír seo. Tá taispeántas álainn ar siúl i dTeach Laighean le grianghraif d'iarrBhaill de Pharlaimint na hEorpa agus na Baill atá ann faoi láthair. Bhí an Breitheamh Marie Baker ag caint ar maidin faoi na dúshláin in aghaidh mná atá mar pholaiteoirí sa tír seo, agus aontaím léi. Níl aon rogha againn ach an obair a choimeád suas. Má tá níos mó mná tofa sa tír, creidim go mbeidh sé níos éasca do chuile duine atá ag obair mar pholaiteoir.

Gach bliain ag an am seo is amhlaidh go bhfuilimid ag iarraidh níos mó infheistíochta agus níos mó tacaíochta maidir leis an Ghaeilge sa tír, agus is féidir linn é seo a dhéanamh arís, ach i mbliana tá níos mó fianaise againn go bhfuil an-éileamh trasna na tíre leis an teanga a fhorbairt. Is léir ón daonáireamh 2022 go bhfuil na huimhreacha le Gaeilge sa tír seo ag méadú. Cé gur dhúirt níos mó ná 1 milliún go raibh Gaeilge acu in 2011, mhéadaigh sé 6% le cúig bliana anuas. Mar sin, tá sé níos tábhachtaí fós go bhfuil a dhóthain tacaíocht ag an nGaeilge as seo amach. Tuigim go bhfuil 0.17% den chaiteachas Stáit ar fáil don Ghaeilge faoi láthair. Molann feachtas Chonradh na Gaeilge sprioc docht a chur i bhfeidhm, sprioc cosúil le 0.40% roimh 2030. Sprioc an-uaillmhianach atá ann, ach níl aon leithscéal againn. Tá airgid poiblí an-sláintiúil againn agus ba chór go mbeadh sprioc docht á chur i bhfeidhm.

Mar fhocal scoir, ba chóir go mbeadh seans ag gach duine sa tír seo an Ghaeilge a fhoghlaim, ach go háirithe na daltaí sa chóras oideachais. Is léir go bhfuil géar-ganntanais ann maidir le Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna trasna na tíre. Tá an t-ádh linn ar an taobh thuaidh den chathair seo go bhfuil trí bunscoileanna agus dhá Ghaelcholáiste cóngarach linn ach tá fhios agam go bhfuil an-éileamh sna ceantair eile ar Ghaelcholáistí agus Gaelscoileanna a bhunú. Ba mhaith liom teachtaireacht a sheoladh don Aire Oideachais agus go háirithe d'Aire na Gaeilge gur chóir níos mó a dhéanamh chun Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna a bhunú trasna na tíre. Gach bliain is dócha go mbíonn an teachtaireacht céanna againn: go bhfuil níos mó infheistíochta agus níos mó suime ag teastáil sa chóras oideachais i leith na Gaeilge. Ní féidir linn aon dul chun cinn a dhéanamh mura bhfuil an t-airgead ann. Iarraim ar an Rialtas an t-airgead ceart a infheistiú sa chóras oideachais agus sna polasaithe tithíochta le daoine a spreagadh le cónaí sa Ghaeltacht. Tá sé an-tábhachtach agus ba bhreá linn teachtaireacht láidir a chur i dtreo an Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.