Seanad debates
Wednesday, 19 October 2022
Consumer Rights Bill 2022: Committee Stage
10:30 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source
Táimid ag iarraidh dul chuig an áit chéanna. Aontaím leis sin. Tá meas agam ar an Seanadóir ach ní aontaím gurb é an Bille seo an fheithicil chun é seo a dhéanamh. Táim sásta chun cruinniú a eagrú chun go mbeidh tuiscint ag foireann an tSeanadóra ar na fadhbanna atá ann. Tá siad bunaithe ar chúrsaí dlí. Tá buaireamh ann nach gcloíonn an leasú le dlí Eorpach ná dlí idirnáisiúnta. Ba mhaith liom postaeraí cosúil leis sin a fheiceáil i siopaí ach caithfimid a bheith cúramach ó thaobh cúrsaí dlí freisin. Déanfaidh mé iarracht cruinniú a eagrú le foireann an tSeanadóra chun go mbeidh an tuiscint seo orthu. Is cuma cad a éiríonn as an gcruinniú, geallaim don Seanadóir go bhfuil mórán suime agam ina bheith ag obair leis chun dul sa treo ina bhfuilimid ag iarraidh dul.
No comments