Seanad debates

Wednesday, 19 October 2022

Consumer Rights Bill 2022: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Caithfidh mé a bheith cúramach ach, nuair a amharctar thart, chítear a leithéid. Tá An Cailín Ciúin sa phictiúrlann faoi láthair, an chéad scannán trí mheán na Gaeilge a bhailigh breis agus €1 milliún. Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a consume. Amharctar ar rudaí cosúil le Baile Átha Cliath le Gaeilge. Is tionscadal fíormhaith é sin agus tréaslaím leis. Léiríonn sé gur cineál unique selling point é an Ghaeilge. Tá gnóthaí breá sásta, breá ullmhaithe agus breá oscailte chun amharc ar an nGaeilge agus ar an dátheangachas mar ghné dhearfach dá margaíocht agus díolacháin. Ba cheart dúinn cur leis sin agus tógáil air tríd an Bhille seo.

Nuair a amharctar thart ar an domhan, feictear go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil den Aontas Eorpach. Is dea-shampla den ilteangachas iad tíortha an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dúinn an dea-chleachtas sin a leanstan sa chás seo.

Tá rudaí ráite ag an Aire Stáit faoin WTO. Beidh ar an Aire Stáit cur leis sin mar ní thuigim an pointe atá á dhéanamh aige, ach is é an bhuncheist atá agam go bunúsach ná, an í an Ghaeilge príomhtheanga an Stáit seo de réir Bhunreacht na hÉireann nó nach í? Más an phríomhtheanga í, tá dualgas bunreachtúil againn í a chur ar chomhchéim leis an Bhéarla agus le teanga ar bith eile atá i réim sa Stát seo.

Dar ndóigh, chonaic muid le linn na paindéime go bhfuil gnóthaí beaga breá ábalta iad féin a mhúnlú do na coinníollacha atá i bhfeidhm thart timpeall orthu. Is é an taithí atá agam maidir le gnóthaí beaga, gnóthaí áitiúla agus gnóthaí dúchasacha Éireannacha ná gurb iad, den chuid is mó, na cinn a bhaineann úsáid as an Ghaeilge gan aon dualgas a bheith orthu. Aithníonn siad gur buntáiste atá ann sa Ghaeilge a chur cinn. Nuair a amharctar ar leithéidí Etsy agus Instagram anois, tá siopaí agus gnóthaí beaga orthu atá ag feidhmiú go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Níl Béarla ar bith le feiceáil agus tá ag éirí go fíormhaith leo mar gheall air sin. Creidim go mbeidh an dátheangachas ná an t-ilteangachas ina gcuidiú agus ina mbuntáiste ollmhór do ghnóthaí móra, do ghnóthaí móra, do mheánghnóthaí agus do ghnóthaí d'aon saghas eile. Creidim chomh maith go mbeidh sé ina bhuntáiste ollmhór don phobal Gaeltachta agus don phobal agus sochaí ina iomláine.

Níl mé ag iarraidh dul in iomaíocht leis an Aire Stáit maidir leis seo. Aithním a thaifead agus an grá atá aige don Ghaeilge agus tá ardmheas agam air. Tá a fhios agam cá háit a mbeadh sé ar an gceist seo mura raibh sé sa suíochán ina bhfuil sé, ach ba cheart dúinn gan na doirse a druidim ag an bpointe seo. Aithním go bhfuil an tAire Stáit chun scríobh chuig an Aire, an Teachta Martin, agus chuig an Aire Stáit, an Teachta Chambers ach, is cuma cén chomhairle atá aige ar an bpointe seo, creidim gur féidir linn rud éigin dearfach agus fiúntach a dhéanamh sa Bhille seo agus gurb é seo an áit is fóirsteanaí agus an áit cheart chun an méid a bhfuilimid ag iarraidh a bhaint amach a bhaint amach. Agus na leasuithe anois feicthe ag an Aire Stáit agus píosa comhairliúcháin déanta aige, tá súil agam go mbeidh sé sásta bualadh linn idir seo agus an chéad chéim eile. Tá súil agam nach mbeidh orm na leasuithe seo a bhrú mar tá sé ráite ag roinnt mhaith de na Seanadóirí ar an taobh seo go bhfuil siad i bhfabhar an pholasaí seo. Níl mise ag iarraidh brú a chur ar aon duine. Táim ag iarraidh go mbeimid in ann é seo a bhaint amach. Creidim go mbeidh sé go maith dúinn mar thír agus mar shochaí agus d'fhás agus dul chun cinn an gheilleagair agus gnóthaí ar fud an Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.