Seanad debates

Wednesday, 8 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Seo leasú eile a bhí molta ag an Seanadóir Kyne, ag Seanadóirí Shinn Féin agus ag an Seanadóir Clifford-Lee fosta, bunaithe ar mholadh ó Chonradh na Gaeilge. Tá áthas orm go bhfuil ainm an tSeanadóra Clifford-Lee leis an leasú seo fós agus fáiltím roimh an méid atá ráite aici inniu. Ar an drochuair, feicim go bhfuil an Seanadóir Kyne tar éis a ainm a bhaint den leasú. Tá súil agam nach ndéanfaidh na Seanadóirí sin casadh i gcoinne an chonradh ag an staid seo. Bhi oifigigh pleanála teanga fud fad na Gaeltachta ag lorg spriocdháta faoina mbeadh seirbhísí Gaeilge cinntithe sa Ghaeltacht, rud a bhí molta ag an Stát sa bhliain 1926 ach nár tharla ariamh. Bhí sé suntasach ar Chéim an Choiste go ndúirt an tAire Stáit: "Tá mé muiníneach go mbeidh an dáta roghnaithe i bhfad roimh an dáta a roghnaigh na Seanadóirí.” Is maith an rud é go n-aontaíonn an tAire Stáit nár chóir do phobal na Gaeltachta a bheith ag fanacht go dtí 2030, ach cén dáta mar sin? Má tá sé le bheith bainte amach i bhfad roimh 2030, cén fáth nach bhfuil sé sásta 2030 a chur sa reachtaíocht?

B'ait an rud é gur tharraing an Seanadóir Kyne siar an leasú seo ar an mbunús go raibh leasú nua geallta ag an Aire Stáit don Chéim seo maidir le seirbhísí a dhéantar taobh amuigh den Ghaeltacht chun freastail ar phobal na Gaeltachta. Tá an leasú sin tábhachtach, agus cuireann Sinn Féin fáilte roimhe, ach ní bhaineann sé le spriocdháta daingean a chur sa reachtaíocht, mar a bhí á lorg ag an bpobal sa leasú seo. Mar sin, tá gá le soiléiriú faoi cén fáth nach féidir an sprioc 2030 a chur isteach sa reachtaíocht anseo. Tá ocht mbliana againn go dtí 2030; ní chóir go mbeadh solúbthacht ag teastáil go dtí sin ón Aire Stáit, seachas má tá sé ag admháil nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas tabhairt faoi sheirbhísí tri Ghaeilge a chinntiú sa Ghaeltacht ar chor ar bith. Faoin am sin beidh os cionn 100 bliain caite ag pobal na Gaeltachta ag fanacht ar a gcuid bunsheirbhísí Stáit a bheith curtha ar fáil dóibh ina dteanga féin. Ní haon ionadh go bhfuil meath tarlaithe ar an nGaeltacht idir an dá linn.

Ba chóir do gach Seanadóir agus don Aire Stáit an tuarascáil a scríobh Coimisiún na Gaeltachta sa bhliain 1925 a léamh. Cuireann sé in iúl bunús na faidhbe a bheidh ann go dtí go mbeidh cinnteacht ag baint le seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Maíodh sa tuarascáil:

In order fully to understand it, one has only to visualise a Garda Síochána barracks of English Speaking Gardaí in the centre of an Irish Speaking district; or a Post Office, in which no one speaks Irish, in an Irish Speaking village; or a non-Irish Speaking official of the Department of Agriculture, or of the Land Commission, or of the Customs and Excise, operating amongst an Irish Speaking population. These officials are direct agents in the spreading and establishment of English.

This Government is a direct agent in the spreading and establishment of English until it sets down a clear deadline for services to be delivered in Irish in the Gaeltacht. Sin a scríobhadh in 1925. Mar sin, tá sé riachtanach go dtacóidh an Rialtas agus na páirtithe Rialtais leis an leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.