Seanad debates
Wednesday, 8 December 2021
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages
10:30 am
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 13:
I leathanach 27, línte 34 go 38 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “(b) an dáta a shonrú faoina ndéanfar na seirbhísí go léir arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí do Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus féadfar dátaí éagsúla a shonrú i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla, ach ní bheidh an dáta níos déanaí ná an 31 Nollaig 2030.”.
Seo an leasú is tábhachtaí a bheas os ár gcomhair inniu. Táimid ag iarraidh a chinntiú sa leasú go mbeidh gach seirbhís phoiblí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta faoi 31 Nollaig 2030. Tá leasú Uimh. 14 an-chosúil le leasú Uimh. 13 ach níl aon spriocdháta ann agus is ábhar imní é sin. Impím ar an Aire Stáit glacadh le leasú Uimh. 13 toisc go bhfuil sé níos láidre agus go dtugann sé cinnteacht do mhuintir na Gaeltachta. Tá gá le cinnteacht agus le spriocdháta mar sin.
No comments