Seanad debates

Wednesday, 8 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages

 

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as leasú Uimh. 8 a mholadh don Teach. Is leasú é atá pléite go minic.Mar a luaigh mé ag Céim an Choiste sa Teach seo ar an 24 Samhain, tá seirbhísí pobal-inrochtana clúdaithe ag leasú a mhol mé féin agus a glacadh leis ag Céim na Tuarascála sa Dáil. Mar a mhínigh mé le linn na díospóireachta sin, cinnteoidh an leasú sin gurb amhlaidh, i gcás ina ndéanann comhlacht poiblí seirbhís a ngabhann teagmháil leis an bpobal léi a cheannach trí phróiseas soláthar poiblí, nó ar shlí eile, go mbeidh oibleagáidí áirithe teanga ar an soláthraí seirbhíse a mhéid a bhaineann leis an tseirbhís is ábhar don chonradh atá i gceist agus a mhéid sin amháin. Chun aon éiginnteacht a sheachaint, tá sainmhíniú ar fáil don téarma “seirbhís lena ngabhann teagmháil leis an bpobal”, is é sin le rá, seirbhís a sholáthraíonn tríú páirtí don phobal i gcoitinne, nó d'aicme den phobal i gcoitinne, thar ceann comhlacht poiblí. Dar ndóigh, cuirfidh sé seo go mór le feiceálacht na teanga in earnáil an ghnó, rud a bheidh tionchar aige ar úsáid na teanga i measc an phobail. Tá an chuid seo den Bhille scrúdaithe ag oifigigh mo Roinne go domhain agus tá muid muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht sa Bhille mar atá sé cuí. Go deimhin tá an t-ábhar seo pléite ag mo chuid feidhmeannaigh leis an Oifig um Sholáthar Rialtais le cinntiú go bhfuil alt 9E maidir le seirbhísí pobal-inrochtana in ord. Sílim go bhfuil gach iarracht déanta againn sa Rialtas a chinntiú go mbeidh an teanga á cosaint agus comhlachtaí poiblí ag dul i mbun próiseas soláthar poiblí. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.