Seanad debates

Wednesday, 8 December 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh - Official Languages (Amendment) Act 2019: Report and Final Stages

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Is leasú é seo a bhí curtha ar an gcéad dul síos ag an Seanadóir Higgins chun dul i ngleic leis an bpríobháidiú atá á dhéanamh ar sheirbhísí bunúsacha fud fad an Stáit. Gan seirbhísí bunúsacha a bheith á soláthar ag an Stát, níl aon srian ann chun a chinntiú go mbeidh freastal ar Ghaeilgeoirí. Chuir an Seanadóir Higgins an sampla de na seirbhísí fostaíochta áitiúla in iúl dúinn agus thug mo chomhghleacaí, an Seanadóir Gavan, agus a lán Seanadóirí neamhspleácha agus ó na páirtithe eile tacaíocht di ar an bpointe sin ag Céim an Choiste. In ainneoin gur theip ar an leasú ag an staid sin, rinne muid an moladh seo a leasú ó shin chun go gcuimseoidh sé ceadúnais chomh maith le conarthaí de réir an tsainfháil phoiblí, toisc go bhfuilimid den tuairim go mba cheart go mbeadh cuideachtaí bainc, fóntais agus cumarsáide agus ceadúnaithe atá i gceannas ar an gcrannchur náisiúnta agus ar an chóras Eircode, mar shampla, clúdaithe freisin. Ba chóir go mbeadh dualgas ar Bhainc Cheannais na hÉireann agus na rialtóirí lena mbaineann fóntais, cumarsáid agus na nithe eile seo go léir a chinntiú go gcuirfear dóthain seirbhíse ar fáil do Ghaeilgeoirí agus iad ag dáileadh ceadúnais.

Bhí iontas ar chách nuair a phléigh an Seanad leasú eile de chuid Shinn Féin ag Céim an Choiste chun dualgas a chur ar bhainc i leith na Gaeilge. Dúirt an tAire Stáit:

Bhí plé agam leis na bainc tamall ó shin nuair a ceapadh sa ról seo mé agus bhí na bainc báúil go maith don Ghaeilge. Táim lánchinnte go mbeidh mé in ann obair as lámha a chéile leis na bainc chun an Ghaeilge a bheith níos feiceálaí sa chóras baincéireachta.

Caithfidh gurb é sin ceann de na freagraí is Fianna Fáilí atá cloiste i dTithe an Oireachtais le tamall fada de bhlianta. Ní gá aon srian ná dualgas a chur ar bhaincéirí toisc gur sár-leaids iad atá báúil don Ghaeilge. Is cairde muid leis na baincéirí so ní gá dúinn ach obair as lámha a chéile. Is cairde iad. Chonaic muid an phraiseach a rinneadh den tír an uair dheireanach ach níl mé chun dul isteach sa rud sin go léir. Is é an rud is tábhachtaí faoin leasú seo ná, má tá na bainc chomh báúil sin don Ghaeilge, mar atá ráite ag an Aire Stáit cheana féin, bheidís lánsásta glacadh le dualgais sa reachtaíocht agus iad a chomhlíonadh. Is é sin an rud is tábhachtaí. Ní chuirfeadh sé seo an iachall ar bhainc.

Molaim an leasú seo. Ritheann sé le ciall. Sílim go dtiocfadh le gach grúpa sa Seanad agus le gach Seanadóir tacú leis an méid a bhfuil an leasú seo ag iarraidh a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.